Welcome to the detailed analysis for logainm.ie. This domain is officially recognized as logainm.ie | Bunachar Logainmneacha na hÉireann. According to their official web presence, their primary focus is: "Bunachar oifigiúil dátheangach logainmneacha na hÉireann.".
"I milisín mhí Mheán Fómhair 2025 phléigh muid An Screagán / Screggan “the rough, rocky, stony ground” (logainm.ie #1166663), ainm na háite ina raibh an Craobhchomórtas Náisiúnta Treabhdóireachta ar siúl. Luadh sa phíosa sin, nach dtagraíonn an logainm do chaighdeán na talún sa bhaile fearainn sin ach do lomán carraige atá díreach thar teorainn an bhaile fearainn in An Mhuclach / Mucklagh “the place of pigs; piggery” (logainm.ie #42264). Níl baint ag ceachtar acu sin logainm le céachta ná le treabhdóireacht, ach is amhlaidh go bhfuil roinnt logainmneacha ann a thagraíonn do thalamh treafa, don treabhdóireacht nó don chéachta féin nó cuid de. Mar is iondúil, áfach, is minic nach mar a shíltear a bhítear sna logainmneacha."
"As go brách linn go Contae Mhaigh Eo ar dtús. Is beag amhras ach go dtagraíonn an logainm Corr na gCéachta / Cornageaghta “the round hill of the ploughs” (logainm.ie #36465) don chnoc beag cruinn atá sa bhaile fearainn sin (féach: Fiachra Mac Gabhann (2014), Logainmneacha Mhaigh Eo 10, lch. 72). Gairbhéal agus gaineamh agus till aolchloiche atá san fho-ithir anseo (féach epa.ie). Is cinnte go mbeadh till aolchloiche feiliúnach don chéachta, ar ndóigh. Tá baile fearainn eile sa chontae chéanna den ainm Droim Céachta / Drumkeaghta, agus gach uile sheans gur tagairt eile don chéachta atá anseo sa bhrí “ridge of (the) plough”, mar a mhol Mac Gabhann (ibid. iml. 6, lch. 202). Tá droim anseo i gcúinne thoir theas an bhaile fearainn áit a bhfuil till aoilchloiche ann freisin, murab ionann is an chuid eile den bhaile fearainn mar a bhfuil portach réitithe ann. Tá corrthagairt ar fáil don ainm pearsanta Céacht freisin (féach dil.ie s.v. Cécht; agus Leabhar Mór na nGenealach, eag. Nollaig Ó Muraíle). Más amhlaidh gurb é an t-ainm pearsanta sin atá sa logainm, d’fheadfaí é a mhíniú mar “the ridge of Céacht (ainm pearsanta)”. B’fhéidir nach bhfuil sé sin ródhóchúil, toisc nach raibh an t-ainm pearsanta sin róchoitianta le beagnach míle bliain ó theacht na nAngla-Normannach i leith, de réir cosúlachta. Bíodh sin amhlaidh, is ann do logainmneacha eile a bhfuil an t-ainm pearsanta sin Céacht iontu. I nGaeltacht Chontae Dhún na nGall, amach ón gcósta ag na Clocha Corra (logainm.ie #14530) ar Árainn Mhór (logainm.ie #14527), faighimid an mionlogainm Carraig Mhic Céachta “the rock of the son of Céacht” (logainm.ie #1395581). Níl aon amhras faoin ainm pearsanta a bheith san ainm sa chás seo (agus féach freisin an carachtar miotaseolaíochta Mac Céacht i seanscéalta amhail Toghail Bhruíon Da Dhearga). Maidir le céachta (“plough”) féin, áfach, níl aon amhras ann ach gurb in atá taobh thiar den logainm béarlaithe Coolakay in aice le hÁth na Sceire i gContae Chill Mhantáin: Cúil an Chéachta “the recess, nook of the plough” (logainm.ie #55110). D’fhéadfadh an leagan Béarla Coolakay duine a chur ar strae, ach tá an bhunfhoirm Ghaeilge Cúil an Chéachta le léamh go soiléir ar fhoirmeacha béarlaithe amhail ‘Cowle-Keight’ (1603: CPR) agus ‘Coolekeaghta’ (1761: Powerscourt Papers). Gaineamh agus gairbhéal atá i bhformhór na hithreach sa bhaile fearainn seo. Tá an stráice ina bhfuil an ithir sin suite idir ceantar mór creagach ar an taobh thoir theas agus an Deargail ar theorannacha theas, thiar, agus thiar thuaidh an bhaile fearainn. Is dóigh gurb é sin an talamh treafa a luaitear go hindíreach san ainm (féach epa.ie)."
By comparing logainm.ie to other leading websites in its niche, marketers and researchers can identify key traffic sources and growth opportunities. Explore our related resources below to find websites similar to logainm.ie.
Yes, according to our latest analysis, we detected a valid SSL certificate ensuring a secure connection.
As of September 25, 2026, logainm.ie holds an estimated domain authority score of 50/100 based on our VisitRank tracking algorithms.
You can find the best alternatives and similar sites to logainm.ie in our explore section, which includes competitors in the E-commerce & Retail sector.
Common Misspellings & Typo Domains for logainm.ie:
"Ar ndóigh, ní hé céacht(a) an t-aon fhocal amháin sa Ghaeilge a thagraíonn d’uirlisí treabhdóireachta. I gContae Shligigh, lastuaidh de Thobar an Choire, mar shampla, tá Cluain Arathair / Cloonaraher “meadow, pasture of ploughing, (the) plough” (logainm.ie #45718) ann. Luaitear an dara Cluain Arathair i bhféilirí na naomh, ach ní léir go díreach cén áit ina raibh sé sin (féach DIAS Onomasticon). Is éard atá sa dara heilimint den logainm sin an focal arathar “ploughing equipment, plough; ploughing” (FGB s.v. arathar), atá réasúnta neamhchoitianta sna logainmneacha. Faightear é i logainm stairiúil eile, áfach, mar atá Druim Arathair “ridge of (the) ploughing, plough” (féach DIAS Onomasticon), nach léir a shuíomh beacht ach an oiread. I gcás an bhaile fearainn Cluain Arathair / Cloonaraher i gContae Shligigh, faightear paiste de thill gaineamhchloiche, atá feiliúnach don treabhdóireacht, le portach réitithe mórthimpeall air (féach epa.ie)."
"Focal eile a bhaineann le cúrsaí treabhdóireachta agus atá i bhfad níos coitianta ná na cinn atá luaite againn go dtí seo is ea seisreach. Is é is réimse bríonna leis an téarma sin “plough”, “plough-team” (FGB s.v. seisreach) agus “plough-land (as much land as a six-horse plough could plough in a year)” (eDIL s.v. seisrech). Díol suntais, dála an scéil, gur i gCúige Mumhan amháin a fhaightear an focal seo i logainmneacha (féach an léarscáil thíos). Anuas air sin, is i gContae Thiobraid Árann is mó a mhaireann seisreach “ploughland” mar aicmitheoir nó phríomheilimint. Ar na samplaí sa chontae sin tá An tSeisreach Chaol / Sheseraghkeale “the narrow ploughland” (logainm.ie #46740); An tSeisreach Mhór / Shesheraghmore “the big ploughland” (logainm.ie #45859); An tSeisreach Rua / Shesharoe “the red ploughland” (logainm.ie #46363); agus Seisreach Scanláin / Shesheraghscanlan “the plough-and of Scanlán (ainm pearsanta)” (logainm.ie #45949)."